Saol crua anróiteach an sclábhaí atá i ndán don Rómhánach óg, Pádraic, nuair a thugtar go hÉirinn é ag Niall na Naoi nGiallach. Ach nuair a thagann a dheis éalaithe tá contúirtí a dhóthain fós roimhe. Is ar óige Naoimh Pádraig atá an t-urscéal grafach seo bunaithe — an chéad úrscéal grafach a rinneadh in Éirinn! Ghnóthaigh sé duais Bisto i Mí Bealtaine 2002.
1921: Fágann Corto Maltese oileán Ródas sa Mheánmhuir le dul ar lorg ór na Peirse, órchiste a chuir Alastar Mór na Gréige i bhfolach san Áise os cionn 2,000 bliain ó shin. Ar a bhealach trasna na Tuirce agus na hIaráine, caithfidh sé teacht i gcabhair ar a sheanchomrádaí, Raspúitín, fear atá á choinneáil i bpríosún brúidiúil Shamarkand. Agus láthair cogaíocht déanta den limistéir sin ag fórsaí na Tuirce, na Rúise, agus Shasana, cuirtear tús le heachtra ina gcastar sóivéidigh is náisiúntóirí, aisteoirí is saighdiúirí, diabhal-adhraitheoirí is feallmharfóirí, fir chróga is geilt, agus fiú leathcheann cúpla Chorto féin!
Táin Bó Cuailgne, agus mar a chosain Cú Chulainn Cúige Uladh ar Mhéabh banríon Chonnacht agus ar ollsluaite na hÉireann. Seo é mór-scéal laochais na Gaeilge, agus é insithe agus léirithe go healaíonta ag Barry Reynolds san úrscéal grafach seo.